Gaeilge
Fáilte go Comhairle Buirge Dhún Geanainn Thír Eoghain Theas
Ár mBuirg
Cumhdaíonn Buirg Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas achar 135 km cearnach,
ó chladaigh Loch nEathach go teorainn Fhear Manach agus taobh le críocha Chontae
Mhuineacháin.
Tá daonra 50,000 duine ann, tá bunús láidir talmhaíochta ag an Bhuirg agus meallann a bonneagar mórán gnóthaí idirnáisiúnta.
Is é an Comhairleoir Barry Monteith Méara Chomhairle Buirge Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas agus is í an Comhairleoir Patsy Daly an Leas-Mhéara.
Tá 22 bhall tofa a ionadaíonn ceantar Dhún Geanainn agus Thír Eoghain Theas - 9 Sinn Féin, 5 DUP, 4 UUP agus 4 SDLP.
Buaileann an Chomhairle le chéile ar an dara Luan de gach mí ar 7.30 pm.
An Eagraíocht
Tá smacht díreach ag an Chomhairle ar raon leathan seirbhísí agus ról comhairleach agus ionadaíoch aici, leis, maidir le soláthar leathan seirbhíse poiblí sa Bhuirg.
Is iad a leanas na príomhsheirbhísí as a bhfuil an Chomhairle freagrach:
● Láthair Chonláiste
● Gníomhaíochtaí Ealaíon agus Cultúrtha
● Rialú tógála
● Reiligí
● Caidrimh Phobail
● Seirbhísí Pobail
● Cosaint Tomhaltóra
● Rialú Madraí agus Bruscair
● Oideachas agus Feabhsú Comhshaoil
● Rialú Bia
● Sláinte agus Sábháilteacht san Obair
● Gairneoireacht
● Ceadúnú
● Forbairt Eacnamaíoch Áitiúil
● Rialú Calláin agus Truaillithe
● Páirceanna imeartha
● Páirceanna, Tuath agus Súgradh
● Uimhriú Poist
● Leithris Phoiblí
● Sláinte Phoiblí
● Bailiú Bruscair agus Diúscairt Dramhaíola
● Clárú Breitheanna, Básanna agus Pósta
● Forbairt Fóillíochta agus Spórt
● Glantachán Sráide
● Ainmniú Sráide
● Athchúrsáil
● Turasóireacht
Doiciméid Aistrithe na Comhairle
Tá an Chomhairle geallta chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus éascóidh sí rochtain ar sheirbhísí agus ar eolas tríd an Ghaeilge.


